"Cuach Mo Lon Dubh Bui" as written by and Mairead Ni Mhaonaigh....
Bhí mise 's mo bhean bheag lá gabháil a' bóthar,
'S oró grá mo chroí,
Is cé chásfaidh dúinn ach Gruagach an óir bhuí,
Cuach mo lon dubh buí

D'fhiafair sí domhsa an 'níon domh an óigbhean,
'S oró grá mo chroí,
A's dúirt mé féin gurb í mo bhean phósta í,
Cuach mo lon dubh buí

'dTabharfaidh tú domhsa choíche go deo í
'S oró grá mo chroí,
Muna ndéanfaidh tú sin liom dhéanfaidh mé' n cóir leat,
Cuach mo lon dubh buí

Gabh thusa 'na mullaí 'gus mise 'na móinte,
'S oró grá mo chroí,
'S ca bith fear a leanfaidh sí bíodh sí go deo aige,
Cuach mo lon dubh buí

Chuaigh seisean 'na mullaí 'gus mise 'na móinte,
'S oró grá mo chroí,
'Gus lean sí an Gruagach, b'aige a bhí 'n óige,
Cuach mo lon dubh buí

D'fhill mé 'na bhaile go buartha cráite,
'S oró grá mo chroí,
'Gus shuigh mé síos ar mo leabaidh trí ráithe,
Cuach mo lon dubh buí

D'fhan sí amuigh aige bliain is trí ráithe,
'S oró grá mo chroí,
Agus tháinig sí 'na bhaile, mo Mhallaí gan náire,
Cuach mo lon dubh buí

A ghiolla adaí istigh caidé mar atá tú
'S oró grá mo chroí,
Mar is olc le mo charaid is maith liom mo námhaid,
Cuach mo lon dubh buí

Caidé a dhéanfá dá bhfaighinnse bás uait
'S oró grá mo chroí,
Chuirfinn ort cónair dara na gcúig gclár
Cuach mo lon dubh buí

Cuach inniu agus cuach amárach,
'S oró grá mo chroí,
'Gus cuach bheag eile achan lá go ceann ráithe,
Cuach mo lon dubh buí


Lyrics submitted by SongMeanings

"Cuach Mo Lon Dubh Bui" as written by Mairead Ni Mhaonaigh

Lyrics © Sony/ATV Music Publishing LLC

Lyrics powered by LyricFind

Cuach Mo Lon Dubh Bui song meanings
Add your thoughts

No Comments

sort form View by:
  • No Comments

Add your thoughts

Log in now to tell us what you think this song means.

Don’t have an account? Create an account with SongMeanings to post comments, submit lyrics, and more. It’s super easy, we promise!

Back to top
explain